Northern
Prepositions: Art of the Troubles
An Gailearaí, Falcarragh
Saturday 15th July – 31st August 2006
Tues – Fri 10am – 5pm, Sat 2pm – 5pm

© Victor Sloan
Réamhfhocail Aduaidh
Ealáin
ó Thrioblóidí an Tuaiscirt
I ndeireadh na seachtóidí agus sna hochtóidí, bhí dhá
choincheap, docht agus gaolmhar, ina mbunchúis leis na gnóthaí
ealáine éagsúla. Is iad sin áit agus féiniúlacht. An áit ina bhfuil
muid, an dearcadh atá againn, na rudaí a chruthaíonn agus a
mhúnlaíonn ár ndifríochtaí - is iad seo na ceisteanna a d'fhiafraigh
agus a d'fhiosraigh ealaíontóirí Thuaisceart Éireann. Bhí ré úr
d'fhéinfhiosrú dian faoi lán seoil, le cois mothú muiníneach áite a
bhí ag teacht chun cinn. Rinneadh éascú agus spreagadh ar a leithéid
i gcásanna áirithe mar gheall ar aird agus fiosrúcháin na meán ar
feadh corradh agus fiche bliain, agus siocair an easpa de dhul chun
cinn polaitiúil a chonacthas do dhaoine. Ar an tséala sin, is féidir
a rá gur ghníomhaigh na trioblóidí polaitiúla i ndáiríre mar
chatalaíoch gasta goimhiúil san athrach ó na híomhaí liriceacha, ach
éifeachtacha, de shaol na tuaithe a bhí a léiriú ag ealaíontóirí na
glúine roimhe sin ina gcuid saothar go dtí an ealaín dhioscúrsach
fhiosrach intleachtach atá le tabhairt faoi deara i saothar na n-ealaíontóirí
atá faoi chaibidil anseo.
I saothar Dermot Seymour, tá a chuid críocha
droimníneacha - atá scéiniúil, tuarúil agus as áit - ar maos i
miotais, agus úsáidtear focail le taiscéaladh a dhéanamh ar
chruacheisteanna, ar chastachtaí agus ar neas-suíomhanna aisteacha.
Ní shamhlófá go bhfuil rud ar bith mar atá sé i ndáiríre. Más
amhlaidh go bhfuil fadhb an Tuaiscirt ag baint le talamh, is ionann
í is a bheith ag baint le mothúcháin neamhshláine. Cuireann Seymour
brandaí agus comharthaí ar a bhailiúchán áiféiseach de chaoirigh,
eallach agus púcaí sa dóigh nach dtagann siad ach ar strae isteach
ina chuid pictiúr anois is arís, díreach mar a mharcálann agus mar a
dhéanann páirtínigh críochachas ar thírdhreach Uladh. Is maith le
Seymour suaitheantais mhíleata, bratacha agus graifítí mar
fhoirmeacha eile den mharcáil agus den chríochachas, ach is iad
teidil a chuid pictiúr a aibhsíonn na tomhaiseanna. Tagann na teidil
sin go nádúrtha ón bhaile fearainn. Ní go díreach acomhal atá i
gceist le crosbhealach ach áit ar scaoileadh duine áigin, ag a
ndearnadh luíochán roimh phatról, ag a ndéantar ceiliúradh gach uile
bhliain ar eachtra a tharla 300 bliain ó shin nó áit ag a ndéantar
monatóireacht nó faire ar thrácht. Sin an nádúr atá ag baint le
ceist na talún. Tá baile fearainn Seymour i mbearna bhaoil i gcónaí.
Is ionann tírdhreach do Micky Donnelly agus domhan
éagruthach atá ar snámh agus inar féidir siombailí agus
samhailchomharthaí chultúrtha éagsúla, a bhfuil baint acu le
poblachtánachas / náisiúnachas nó aontachas, a leagan anuas air.
Baineann sé úsáid as suaitheantais macasamhail Lile na Cásca, hata
James Connolly, babhlaer éigeantach an Fhir Bhuí, agus an lile
oráisteach. Déantar iad seo a shéideadh suas go comhréireach, tógtar
amach as comhthéacs fíor ar bith iad agus cuirtear i láthair an
lucht féachana iad díreach mar na rudaí atá iontu. Má tá na
trioblóidí polaitiúla i dTuaisceart Éireann fá dtaobh de rud ar bith,
tá siad fá dtaobh den dianseasmhacht in easaontas féiniúlachta ina
mbaintear úsáid as suaitheantais mar chineál de phointí buachana
cultúrtha.
Is iad Béal Feirste agus Doire an dá chathair is mó i
dTuaisceart Éireann. Ach neamhchosúil le cathracha eile na hÉireann
agus na Breataine, tá siad faoi dhaingniú láidir. I gcathair Bhéal
Feirste, cur i gcás, déantar focail a phéinteáil ar bhallaí ach ní
fada go mbíonn díshealbhú déanta orthu agus freagraí tugtha orthu ar
bhallaí eile, i bhfocail eile. Déanann focail an balla a
cheastóireacht. Sníonn siad iad féin isteach i struchtúr an bhalla
mar a dhéanfadh taibhsí. Déanann Willie Doherty, ó Dhoire,
taiscéaladh ar choincheap na nithe seachtracha seo, ag teilgean
téacsanna i riochtanna radhairc. Leagtar téacs anuas ar
ghrianghrafanna, ceann amháin in ainm is a bheith ag treascairt an
chinn eile. Is ionann é agus modh ceastóireachta eile, ach ó dhuine
ón taobh istigh atá ag obair amach as agus fríd a eispéireas ar áit.
Dhírigh dornán de chuid
ealaíontóirí Thuaisceart Éireann a n-aird ar an chathair, ag déanamh
teagmhála lena hanás sóisialta, a himeaglú, a heasaontas, a teannas
agus a cuid rithimí feiceálacha - a tarraingteacht agus a
déistineacht. I sraith de phortráidí sóisialta a rinne sí go luath
sna seachtóidí, dhírigh Catherine McWilliams a haird ar mhná
aonaracha leo féin. Insíonn an spás a fhágann sí timpeall na mban
tréigthe uaigneacha seo an scéal iomlán. Ní amháin go bhfuil siad
ann ach tá siad faoi chuing ann. Is fíorbheagán smachta nó rogha atá
acu ar an bhail atá orthu. Tá pictiúirí dá leithéid seo suite go
hiomlán laistigh de thaithí agus de thuiscint phearsanta ar an áit.
Maidir le cnuasach saothar
ghrianghrafadóireachta Victor Sloan, atá bunaithe ar shéasúr
máirseála na nOráisteach, is ionann 'siúl' agus comhartha corparáide
do léiriú saoirse, ach fosta léiriú ar idé-eolaíocht. (Ag deireadh
thiar thall, tá sprioc na máirseála ionann le ráiteas, le díluchtú
na hidé-eolaíochta i gcoincheap 'an chuibhrinn' mar thalamh
mothúchánach). Is féidir an teicníocht a úsáideann Sloan,
i.e. ag scríobadh agus ag uaspheinteáil claonchlónna agus
dearbhchlónna fótaghrafacha, a chur i gcomparáid leis an teannas atá
go smior in eagrú céadfaíoch na bparáidí Oráisteacha.
Baineann cuid saothar Rita
Duffy le Béal Feirste. Díríonn sise ar dheighilt, ar mheon
ionsaitheach, ar chultúir creidimh a théann thar fóir, chomh maith
le saincheisteanna a bhaineann le hinscne. Tá na fórsaí in a saothar
cruthaithe d'aon ghnó do léamh ciorclach, rud a léiríonn ciorclú na
dáighe agus an traidisiúin. Go minic is ar an tsráid a imrítear an
gníomh. Ní áiteacha do mhachnamh ar chreideamh atá sna sráideacha i
mBéal Feirste atá léirithe ag Duffy. Tá gríosadh nó corraí grúpa ag
gabháil ar aghaidh orthu i dtólamh. Faightear striapachas i ngach
uile chathair, i ngach uile am, agus tá spéis ag Duffy sna róil a
bhíonn ag na mná nó a chuirtear d'iallach orthu. Mar a dhéanann sí
ina cuid saothar go léir, pléann sí leo le trua agus le greann.
Fiosraíonn Jack Pakenham téamaí
macasamhail ionramháil, imeaglú, soineantacht, idéalachas agus
breabaireacht, ach go háirithe coimhthiú. Bíonn a chuid 'aisteoirí'
go léir ag aisteoireacht laistigh agus lasmuigh dá dtuiscint féin ar
choimhthiú. I ndáiríre, níl siad choíche ar an stáitse céanna ag an
am céanna, in eascairdeas mar atá siad ina gcuid monalóg seasta féin.
I dtaca leis an 'stáitse' de - coirnéal sráide nó seomra uair amháin
- tagann forbairt air go dtí sraith ilghruach de chnámhscéalta
comhcheangailte. Tá bábóg an bholgchainteora - alter ego agus
íospartach ionaid an ealaíontóra - i gcónaí ansin á cur féin i mbaol
maoithneachais agus fiú ró-thaispeánadh. Níl sé/sí ach in inmhe
dreach amháin a bheith ar a (h)aghaidh, aghaidh an áilteora, ach tá
sé/sí timpeallaithe ag anamacha na ndaoine a díbríodh agus atá
caillte folamh gan dreach. Níl bealach éalaithe ar bith á
thairiscint agus is fíorbheagán dóchais a ligtear isteach sna
scarúintí pictiúrtha.
I measc rudaí eile, tá iniúchadh déanta i saothar Joe
McWilliams ar na cumhachtaí caomhantais atá ag cuimhne roghnach.
Chuige seo, bhain sé úsáid as samhailchruth ar mhaithe le scrín a
chur thart ar íomhaí de cheannairí polaitiúla, ó thraidisiún na
ndílseoirí agus na bpoblachtach araon, leithéidí Edward Carson agus
Pádraig Mac Piarais. Cuireann seiseann i láthair iad mar íomhaí
laistigh de phíosa amháin. Tchíonn muid a n-íomhaí ag meath agus ag
feo diaidh ar ndiaidh laistigh den tsraith, díreach cosúil le duine
ag dul anonn in aois, de réir mar a shroicheann siad riocht níos 'naofa'.
Méadaíonn ar a gcumhacht imeachtaí an lae inniu a dhreasú, mar sin
féin, de réir mar a thagann forbairt ar a stádas íocónach. Fosta, tá
an mothú ann go bhfuil gá le híolbhriseadh fríd athbhreithniú a
dhéanamh ar an stair chun a gcumhacht a dhíbirt. Cuireann McWilliams
ar ár súile dúinn gan aon dhearcadh rómánsach a bheith againn den am
atá thart nuair a deir sé:
'Déantar laochra polaitiúla ghlúin amháin a chanónú
ag na glúnta a thagann ina ndiaidh agus d'fhéadfadh na naoimh seo
agus a gcuid rosc a bheith chomh
hábhartha do fhadhbanna an lae
inniu is atá asarlaíocht na ndraoithe do chleachtas leighis
nua-aimseartha..... is cinnte gur filíocht spreagthach atá in
'terrible beauty' Yeats, agus in óráid Emmet ón ghabhann cúirte, ach
folaíonn siad foréigean le grástúlacht agus bás le caithréim.' (i)
Dúirt an léirmheastóir, Lucy
Lippard, go géarchúiseach agus ag an am céanna, go sólásach:
'Is faoi na dromchlaí éagsula go léir atá gá an
ealaíontóra le tuiscint a fháil ar cá háit a bhfuil sé/sí, agus le
theacht ar réitigh ar cad é a chiallaíonn na Trioblóidí do mhuintir
na hÉireann uilig, ní miste cé chomh tuirseach is atá gach uile
dhuine daofa. Agus i ndiaidh an iomláin, ar ndóigh, sin an rud atá i
gceist le 'healaín pholaitiúil' - cuibhreann comchoitianta.' (ii)
Tugadh an aiste as leabhar an
Dr. Liam Kelly, leabhar a d'fhoilsigh Gandon sa bhliain 1996. Ar fud
fad leabhair Liam Kelly, agus mar a léiríonn na saothair atá ar
taispeántas sa Ghailearaí, tá sé soiléir gur tharla turas
cruthaitheach inmheánach ar mhaithe le theacht ar a mhacasamhail de
chuibhreann comhchoitianta - machnamh fada.


Contact Name: Maíre Ní Chasaide Una Campbell -
Director Maureen McConnell - Assistant
Address: Falcarragh, County Donegal, Ireland
Email Address:
ceardlann@eircom.net
Phone: 00353 (0) 74 9165594
Fax: 00353 (0) 74 9165594
Website Address:
http://www.angailearai.com
 |
 |